An tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979


Uimhir 5 de 1979


AN tACHT UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA, 1979


ACHT DO BHUNÚ COMHLACHT AR A dTABHARFAR ÚDARÁS NA GAELTACHTA, CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÍSCAOILEADH GHAELTARRA ÉIREANN AGUS D'AISTRIÚ FEIDHMEANNA AGUS DLITEANAIS GHAELTARRA ÉIREANN CHUN ÚDARÁS NA GAELTACHTA, DO THABHAIRT CUMHACHTAÍ ÁIRITHE EILE D'ÚDARÁS NA GAELTACHTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHALTAÍ ÁIRITHE D'ÚDARÁS NA GAELTACHTA A THOGHADH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [19 Márta, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cuid I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” Aire na Gaeltachta;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an Ghaeltacht” na limistéir a mbeidh cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, gur limistéir Ghaeltachta iad;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfar ina lá ceaptha chun críocha Chuid II den Acht seo le hordú ón Aire;

tá le “an tÚdarás” an bhrí a shonraítear in alt 6 (1);

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941.

(2) Tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú na gcumhachtaí sin.

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Tosach feidhme.

3.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

Aisghairm.

4.—Aisghairtear leis seo na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977.

Caiteachais.

5.—Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuid II

Údarás na Gaeltachta

Údarás na Gaeltachta a bhunú.

6.—(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá ceaptha, comhlacht ar a dtabharfar Údarás na Gaeltachta (agus dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.

(2) Trí chomhalta dhéag a bheidh ar an Údarás, ar daoine a cheapfaidh an tAire an cathaoirleach agus cúigear comhalta eile díobh agus ar daoine a thoghfar de réir Chuid IV den Acht seo an seachtar comhalta eile díobh.

(3) Baineann an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an Údarás.

Gaeltarra Éireann a dhíscaoileadh.

7.—(1) Ar an lá ceaptha agus ón lá sin amach beidh Gaeltarra Éireann arna dhíscaoileadh de bhua an ailt seo agus déanfar na cearta agus na dliteanais a tugadh do Ghaeltarra Éireann nó a forchuireadh air leis na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977, agus na dualgais agus na dliteanais a forchuireadh air de dhroim a ainmnithe mar eagraíocht cheadaithe faoi alt 4 den Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963, a aistriú de bhua an ailt seo chun an Údaráis.

(2) Tá feidhm ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil leis an díscaoileadh a dhéantar leis an alt seo.

Feidhmeanna an Údaráis.

8.—(1) Déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus cinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidfear a mhéid is féidir nuair a bheidh a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige agus thar a cheann.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, na tionscail agus na scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bheidh á seoladh, á rialú nó á mbainistí, go díreach nó go hindíreach, ag Gaeltarra Éireann díreach roimh an lá ceaptha a sheoladh, a rialú agus a bhainistí (go díreach nó, in aon chás áirithe, trí chomhlacht corpraithe faoi rialú an Údaráis).

(3) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, cibé tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta is oiriúnach leis seachas na cinn dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a sholáthar, a sheoladh, a rialú agus a bhainistí sa Ghaeltacht (go díreach nó, in aon chás áirithe, trí chomhlacht corpraithe faoi rialú an Údaráis).

(4) Féadfaidh an tÚdarás, faoi réir alt 10, aon tionscal nó aon scéim tháirgiúil fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3) a leathnú agus a fhorbairt.

(5) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, scor, i gcoitinne nó in aon áit nó ceantar áirithe, d'aon tionscal nó d'aon scéim tháirgiúil fostaíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3).

(6) Chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht beidh de chumhacht ag an Údarás in aon chás áirithe—

(a) comhlacht corpraithe a fhoirmiú,

(b) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó eile, agus

(c) faoi réir alt 10, scaireanna i gcomhlacht corpraithe a cheannach nó a ghlacadh nó a dhíol.

(7) Chun críocha an ailt seo beidh de chumhacht ag an Údarás talamh, foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a fháil, a ghlacadh ar aistriú, a shealbhú, a dhíol, a mhorgáistiú, a léasú, a ligean nó a dhiúscairt ar shlí eile agus foirgnimh, margaí, áitribh nó gléasra a thógáil, a athrú nó a chothabháil.

(8) Beidh ag an Údarás na cumhachtaí breise sin go léir is gá chun críocha an ailt seo.

Feidhmeanna breise an Údaráis.

9.—(1) Chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair beidh ag an Údarás, i dteannta na bhfeidhmeanna a shonraítear san Acht seo ar leith ón alt seo, na cumhachtaí sin a thabharfar dó le hordú ón Rialtas.

(2) Maidir le hordú faoin alt seo—

(a) féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó iarmhartacha a bheith ann is dóigh leis an Rialtas is gá, lena n-áirítear modhnú ar fhorálacha reachtúla;

(b) féadfaidh sé coinníollacha a fhorchur i ndáil le haon chumhacht a thugann sé a fheidhmiú;

(c) féadfaidh sé socrú a dhéanamh le haghaidh íocaíochtaí ag an Údarás;

(d) féadfaidh sé cibé feidhmeanna a shonróidh sé de chuid údaráis áitiúil a thabhairt don Údarás;

(e) féadfar é a leasú nó a chúlghairm le hordú ón Rialtas.

(3) I gcás a mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

Cúnamh airgid ón Údarás chun críocha tionscail.

10.—(1) Chun tionscail agus scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht beidh cumhacht ag an Údarás, faoi réir an ailt seo, cúnamh airgid a thabhairt (lena n-áirítear deontais a thabhairt, scaireanna a cheannach agus caiteachas a thabhú ar fhoirgnimh nó eile) ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.

(2) Déanfaidh an tAire ó am go ham, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh agus le toiliú an Aire Airgeadais,—

(a) teorainn a shonrú a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid faoina réir a thabhairt dá rogha féin, agus

(b) teorainn a shonrú a bhféadfaidh an tÚdarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid de bharr uirthi a thabhairt le ceadú roimh ré ón Rialtas.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, cúnamh airgid a thabhairt, in aon chás áirithe, idir na teorainneacha a shonraítear faoi fho-alt (2).

(4) Ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid in aon chás áirithe ina mbeidh cúnamh airgid tugtha ag an Údarás Forbartha Tionscail.

(5) Féadfaidh an tÚdarás, de réir scéimeanna a bheidh údaraithe ó am go ham ag an Aire tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh agus le toiliú an Aire Airgeadais,—

(a) deontais a thabhairt chun críocha seachas i leith sócmhainní dochta nó oiliúint oibrithe, agus

(b) a ráthú go n-aisíocfar iasachtaí a fuair daoine ar thug an tÚdarás cúnamh airgid ina leith.

Cumhacht feidhmeanna áirithe de chuid an Údaráis a aistriú chun na Comhairle Oiliúna.

11.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Saothair, a shocrú go ndéanfar cuid d'fheidhmeanna nó feidhmeanna uile an Údaráis i ndáil le hoiliúint (lena n-áirítear athoiliúint) oibrithe a aistriú chun na Comhairle Oiliúna.

Foireann an Údaráis.

12.—(1) Ceapfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine le bheith mar fhoireann ag an Údarás is cuí leis an Údarás ó am go ham.

(2) Sealbhóidh comhalta d'fhoireann an Údaráis a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham.

(3) Íocfaidh an tÚdarás le comhaltaí a fhoirne cibé luach saothair agus cibé liúntais i leith caiteachas is oiriúnach leis an Údarás agus sin, i gcás a phríomh-oifigigh (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an Údarás ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar le comhaltaí a fhoirne nó ar na téarmaí nó ar na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn nó a shealbhóidh comhaltaí a fhoirne a bhfostaíocht, beidh aird ag an Údarás ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ann de thuras na huaire, nó ar bheartas Rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ann amhlaidh, agus déanfaidh sé de réir aon ordacháin maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Údarás le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a chur ó bheith ina chomhalta dá fhoireann.

(6) Duine a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do Ghaeltarra Éireann tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i bpost atá, i dtuairim an Údaráis, ar aon-dul leis an bpost faoi Ghaeltarra Éireann a bhí ag an duine sin díreach roimh an lá ceaptha agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcinnfidh an tÚdarás ó am go ham agus nach lú fabhar, i dtuairim an Údaráis, don duine sin ná na téarmaí agus na coinníollacha a raibh feidhm acu i ndáil lena fhostaíocht le Gaeltarra Éireann díreach roimh an lá ceaptha.

Sainchomhairleoirí agus comhairleoirí don Údarás.

13.—(1) Faoi réir fho-alt (2), agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh arna sonrú de thuras na huaire ag an Aire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, féadfaidh an tÚdarás cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú ó am go ham a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an tÚdarás as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fostaíodh de bhun an ailt seo.

(2) Conradh a dhéanfaidh an tÚdarás faoin alt seo ní conradh in aghaidh tréimhse is faide ná trí bliana a bheidh ann.

Aoisliuntas.

14.—(1) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do chomhaltaí iomchuí d'fhoireann an Údaráis nó ina leith.

(2) Déanfaidh an tÚdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith, le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh aoisliúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon aoisliúntas, nó i dtaobh méid aon aoisliúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh, ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon phinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile ná ní dhéanfaidh an tÚdarás aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile a chur ar fáil ar chomhalta d'fhoireann an Údaráis d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéime arna ceadú faoin alt seo.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(8) Aon scéim a ceadaíodh faoi alt 18 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, agus a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha measfar í a bheith ceadaithe faoin alt seo.

Eolas a nochtadh.

15.—(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Údaráis, aon eolas a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Údarás, mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Údarás.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

Fostaí don Údarás a bheith ina chomhalta den Oireachtas.

16.—(1) I gcás a ndéanfar comhalta d'fhoireann an Údaráis a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntas—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi BhuanOrduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis.

Meastacháin ón Údarás.

17.—Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire agus i cibé foirm a iarrfaidh sé, meastachán ar an méid airgid a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, mar aon le haon mheastacháin eile a iarrfaidh an tAire nó an tAire Airgeadais.

Cuntais agus iniúchadh.

18.—(1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm cheadaithe sin na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire, uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais, ó am go ham.

(2) Tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis deireadh na bliana lena mbaineann siad, déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar faoin alt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh don Aire, agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

19.—(1) Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Aon uair a ordóidh an tAire amhlaidh, beidh sa tuarascáil bhliantúil sin freisin eolas ar cibé gnéithe a shonróidh an tAire d'imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo.

An tÚdarás do thabhairt eolais don Aire.

20.—Tabharfaidh an tÚdarás don Aire aon eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis.

Bronntanais don Údarás.

21.—Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníoll den sórt sin ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

Cuid III

Forálacha Airgeadais

Deontais don Údarás.

22.—Féadfar deontais ina mbeidh cibé méideanna a cheadóidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais i gcoitinne agus deontais faoin Acht seo a íoc.

Airleacain don Údarás.

23.—(1) Chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna a iarrfaidh an tÚdarás ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Údaráis as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham cinneadh ar na téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile i ndáil le hairleacain don Údarás nó do Ghaeltarra Éireann.

(b) Measfar aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann roimh an lú lá d'Aibreán, 1965, do scor ar an dáta sin de bheith inaisíoctha.

(c) Ní bheidh aon airleacan a tugadh do Ghaeltarra Éireann tar éis an lú lá d'Aibreán, 1965, ná aon airleacan a thabharfar don Údarás inaisíoctha (ná ní bheidh ús iníoctha ar an gcéanna) go dtí cibé dáta a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire.

(3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an tÚdarás d'aisíoc airleacain nó de bhun aon téarma ar a mbeidh cinnte i ndáil le hairleacan.

(4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £50,000,000 aon tráth áirithe.

An tÚdarás d'fháil iasachta go sealadach.

24.—Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair a chaiteachais a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.

Díolúine ó dhleacht stampa.

25.—Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoina bhfaigheann an tÚdarás aon mhaoin agus, chun críche an ailt seo, folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál.

Rátaí a mhaitheamh.

26.—(1) I gcás—

(a) áitreabh do ghnóthas tionscail a thógáil, a mhéadú nó a fheabhsú, agus

(b) an tÚdarás do dheimhniú an tógáil, an méadú nó an feabhsú a bheith arna dhéanamh ag an Údarás nó ag Gaeltarra Éireann nó a bheith ina ábhar do chúnamh airgid ón Údarás nó ó Ghaeltarra Éireann,

féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo é,—

(i) dhá thrian a mhaitheamh de ráta is intoibhithe acu i leith aon áitreabh a tógadh amhlaidh, nó

(ii) dhá thrian a mhaitheamh d'aon ráta breise is intoibhithe acu i leith aon mhéadú nó feabhsú den sórt sin.

(2) Beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (3), ag maitheamh faoin alt seo i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla inar críochnaíodh an tógáil, an méadú nó an feabhsú agus i leith gach ceann de na naoi mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

(3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh cúnamh airgid, ní bheidh éifeacht le maitheamh faoin alt seo i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

(4) Ní dheonófar maitheamh faoin alt seo níos mó ná uair amháin i leith na tógála céanna, an mhéadaithe chéanna nó an fheabhsaithe chéanna.

(5) I gcás gan luacháil ar leithligh a bheith déanta ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, an méid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(6) Is feidhmeanna forchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.

Cuid IV

Comhaltaí d'Údarás na Gaeltachta a Thoghadh

Léiriú do Chuid IV.

27.—Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ceann comhairimh” duine is ceann comhairimh faoi alt 32 chun críocha na Coda seo;

ciallaíonn “toghchán”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, toghchán faoin gCuid seo.

Toghcháin.

28.—(1) Déanfar toghcháin ó am go ham de réir mar a fhorordófar le rialacháin ón Aire, faoi réir iad a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide ná cúig bliana.

(2) Má théitear in iomaidh i dtoghchán is le rúnbhallóid agus ar phrionsabal na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe a thógfar an vótaíocht.

(3) Na costais agus na caiteachais a thabhóidh ceann comhairimh nó a thabhófar thar a cheann i dtoghchán íocfaidh an tAire iad as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) (a) Socróidh an tAire le hordachán an modh ar a n-íocfar costais toghchán.

(b) Féadfaidh ordachán faoin bhfo-alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas—

(i) an tslí ina dtíolacfaidh, agus an tréimhse ar lena linn a thíolacfaidh, ceann comhairimh a chuntais,

(ii) an tslí ina dtíolacfaidh, agus an tréimhse ar lena linn a thíolacfaidh, duine a mbeidh éileamh aige de bhua an ailt seo an t-éileamh,

(iii) breithniú díospóidí.

Toghlaigh agus an líon daoine a thoghfar.

29.—(1) Is toghlach chun críocha na Coda seo gach limistéar díobh seo a leanas:—

(a) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Dhún na nGall,

(b) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae na Gaillimhe, i gcontae Mhaigh Eo agus i gcontae na Mí, agus

(c) an limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá i gcontae Chiarraí, i gcontae Chorcaí agus i gcontae Phort Láirge.

(2) (a) Toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) beirt i dtoghchán.

(b) Toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) triúr i dtoghchán.

(c) Toghfaidh an toghlach a shonraítear i bhfo-alt (1) (c) beirt i dtoghchán.

Intofacht.

30.—Ní bheidh duine intofa don Údarás mura mbeidh aois ocht mbliana déag slánaithe aige an lá vótaíochta iomchuí.

Ceart vótála.

31.—(1) I gcás, maidir le toghlach a shonraítear in alt 29, a rachfar in iomaidh i dtoghchán, beidh gach duine i dteideal vótáil sa toghchán a mbeadh teideal aige, dá mba thoghlimistéar áitiúil an toghlach agus gur thoghchán áitiúil a dhéanfaí faoina threoir sin an toghchán, vótáil sa toghchán áitiúil sin.

(2) Ní bheidh aon duine seachas duine a luaitear i bhfo-alt (1) i dteideal vótáil i dtoghchán.

Cinn chomhairimh.

32.—(1) Chun críocha na Coda seo déanfaidh an tAire, maidir le gach toghlach dá sonraítear in alt 29, duine cuí oiriúnach a cheapadh le bheith ina cheann comhairimh, agus is é dualgas ginearálta an cheann comhairimh gach gníomh agus ní a dhéanamh is gá chun toghchán a stiúradh go héifeachtúil ina thoghlach, torthaí an toghcháin sin a chinntiú agus a dhearbhú agus freagra i dtaobh na ndaoine a toghadh don toghlach sin a thabhairt don Aire.

(2) (a) Féadfaidh an ceann comhairimh aon cheann dá fheidhmeanna mar cheann comhairimh a chomhlíonadh trí aon duine nó daoine eile a bheidh údaraithe go cuí aige i scríbhinn chuige sin.

(b) Féadfaidh an ceann comhairimh duine amháin nó níos mó a cheapadh i scríbhinn le bheith ina leas-cheann comhairimh nó ina leas-chinn chomhairimh agus féadfaidh sé cibé cuid d'fheidhmeanna an cheann comhairimh a shonrófar sa cheapachán a tharmligean chuig aon leas-cheann comhairimh den sórt sin.

(3) Ní bheidh an ceann comhairimh, aon leas-cheann comhairimh ná aon duine a bheidh fostaithe ag an gceann comhairimh nó ag leas-cheann comhairimh i dteideal a ainmnithe, ná i dteideal duine a ainmniú, mar iarrthóir i dtoghchán.

(4) Ní ghníomhóidh an ceann comhairimh, aon leas-cheann comhairimh ná aon duine a bheidh fostaithe ag an gceann comhairimh nó ag leas-cheann comhairimh mar ghníomhaire d'aon iarrthóir i dtoghchán ná ní chuirfidh iarrthóireacht iarrthóra den sórt sin chun cinn.

Rialacháin do Chuid IV.

33.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas i ndáil le toghcháin:—

(i) ainmniúcháin,

(ii) éarlaisí ó iarrthóirí,

(iii) an nós imeachta nuair nach mbeidh aon iarrthóir ainmnithe i dtoghlach,

(iv) an nós imeachta i gcás ar lú an líon daoine a bheidh ainmnithe do thoghlach ná an líon comhaltaí atá an toghlach sin i dteideal a thoghadh,

(v) bás iarrthóra,

(vi) dualgais agus foireann cheann comhairimh agus aon leas-cheann comhairimh,

(vii) foirm an pháipéir bhallóide a úsáidfear,

(viii) vótaíocht a thógáil agus na vótaí a chomhaireamh,

(ix) rúndacht na vótála a choimeád,

(x) coimeád na bpáipéar ballóide agus an modh ar a ndiúscrófar iad,

(xi) ceantair vótaíochta agus áiteanna vótaíochta a shonrú,

(xii) scoileanna agus seomraí poiblí a úsáid (in aisce),

(xiii) socruithe le haghaidh postvótála,

(xiv) vótaíocht ar oileáin,

(xv) boscaí ballóide agus trealamh toghcháin eile le húdaráis áitiúla a úsáid,

(xvi) cur isteach ar bhoscaí ballóide nó ar pháipéir bhallóide,

(xvii) daoine a bheidh á mí-iompar féin i stáisiúin vótaíochta a chur amach,

(xviii) cártaí vótaíochta a eisiúint,

(xix) cláir toghthóirí a ullmhaíodh chun críche toghchán áitiúil a úsáid agus cláir arb iad na cláir toghthóirí don Údarás iad a thiomsú as na cláir sin.

(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) cibé forálacha reachtúla i ndáil le toghcháin áitiúla a bheidh sonraithe a chur chun feidhme i ndáil le toghchán agus féadfaidh siad cibé modhnú nó oiriúnú is gá a dhéanamh ar na forálacha sin, agus

(b) cionta toghcháin a bhunú agus pionóis a fhorordú ina leith nach déine ná na pionóis a bhaineann le cionta comhréire i ndáil le toghcháin áitiúla.

(4) I gcás a mbeartófar rialacháin faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach.

AN CHEAD SCEIDEAL

Údarás na Gaeltachta

Alt 6 (3).

An tÚdarás ina chomhlacht corpraithe, etc.

1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh agus cearta ar thalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Tréimhse oifige.

2. Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige, mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig, a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht nó a chuirfear as oifig é,—

(a) i gcás comhalta seachas comhalta (dá ngairtear “comhalta tofa” sa Sceideal seo) a toghadh faoi Chuid IV den Acht seo, ar feadh cibé tréimhse nach faide ná cúig bliana a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh aige,

(b) i gcás comhalta thofa—

(i) i gcás é a thoghadh sa toghchán ar chomhaltaí an Údaráis is túisce a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, ón lá ceaptha go dtí lá vótaíochta an chéad toghcháin eile faoin gCuid sin IV don toghlach dar toghadh é,

(ii) i gcás é a thoghadh in aon toghchán eile ar chomhaltaí an Údaráis, ón tráth a chinnfidh an ceann comhairimh toradh an toghcháin iomchuí go dtí lá vótaíochta an chéad toghcháin eile faoin gCuid sin IV don toghlach sin.

Inathcheapthacht.

3. Féadfar comhalta den Údarás (seachas comhalta tofa) a athcheapadh ar a thréimhse oifige do dhul in éag le himeacht aimsire.

Téarmaí oifige.

4. Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar cibé téarmaí (seachas téarma maidir le híoc luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachas) a chinnfidh an tAire nuair a bheidh an comhalta á cheapadh aige nó nuair a bheidh an comhalta tofa faoi Chuid IV den Acht seo.

Corrfholúntais.

5. (1) Líonfaidh an tAire aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí an Údaráis (seachas na comhaltaí tofa) trí dhuine a cheapadh ann.

(2) Líonfaidh an tÚdarás aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí tofa an Údaráis tríd an Údarás do chomhthoghadh duine ann, i cibé slí a bheidh cinnte ag an Aire de thuras na huaire, ach nuair a bheifear á chinneadh cé líonfaidh aon fholúntas den sórt sin ní bheidh vóta ag comhalta den Údarás nach comhalta tofa.

(3) Beidh duine a cheapfar nó a chomhthoghfar faoin mír seo le corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha de thréimhse oifige a réamhtheachtaí.

Comhalta den Údarás a chur as oifig.

6. Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás a chur as oifig.

Comhaltaí den Údarás d'éirí as oifig, bheith dícháilithe, etc.

7. (1) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig trí litir a bheidh dírithe chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht nuair a gheofar an litir.

(2) Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú (agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú) má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát nó má chiontaítear é i gcion faoi alt 15 nó má dheimhníonn an tAire gur mhainnigh sé leas a nochtadh faoi mhír 8.

(3) I gcás a ndéanfar comhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi BhuanOrduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta (seachas comhalta tofa) den Údarás.

Leas i gconradh a nochtadh.

8. (1) Comhalta den Údarás a bhfuil aon leas aige in aon chomhlacht a mbeartaíonn an tÚdarás aon chonradh nó comhaontú eile a dhéanamh leis, nó a bhfuil aon leas aige i gconradh nó i gcomhaontú eile a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh, nochtfaidh sé don Údarás go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé páirt in aon phlé nó cinneadh ag an Údarás maidir leis an gconradh nó leis an gcomhaontú eile sin.

(2) Déanfar nochtadh faoin alt seo a thaifeadadh i miontuairiscí an Údaráis.

Séala an Údaráis.

9. (1) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú chathaoirleach an Údaráis nó comhalta éigin eile den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin mar aon le síniú comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir an ailt seo déanfar, mura suífear a mhalairt, é a ghlacadh i bhfianaise agus a mheas gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais.

Cruinnithe agus nós imeachta an Údaráis.

10. (1) Tionólfaidh an tÚdarás cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

(2) Is é is córam do chruinniú den Údarás an tromlach is ísle de líon comhaltaí an Údaráis tráth an chruinnithe.

(3) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Údaráis i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(4) Faoi réir mhír 5 (2) cinnfear gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Údarás le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(5) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(6) Faoi réir an Achta seo rialóidh an tÚdarás, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Údaráis.

Feidhmeanna an Údaráis a chomhlíonadh.

11. Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhalta den Údarás, trí aon fhochoiste den Údarás nó trí aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Údarás.

Luach saothair agus caiteachais comhaltaí an Údaráis.

12. Íocfar le comhalta den Údarás, as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha de Dhroim Gaeltarra Éireann a Dhíscaoileadh

Alt 7 (2).

Maoin a aistriú.

1. (1) Aon mhaoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe do Ghaeltarra Éireann nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad, an lá ceaptha, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, chun bheith ina maoin de chuid an Údaráis nó beidh siad ar teachtadh ar iontaobhas agus dílsithe (de réir mar a dhlífidh an cás) dó go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile ar a raibh an céanna, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe do Ghaeltarra Éireann nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don chéanna agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.

(2) Aon mhaoin a aistrítear leis an mír seo agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm Ghaeltarra Éireann, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an Údarás á iarraidh sin aon tráth tar éis an lae cheaptha, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Údaráis.

(3) Gach ábhar i gcaingean a bheidh aistrithe de réir na míre seo chun an Údaráis féadfaidh an tÚdarás, tar éis an lae cheaptha, agairt ina leith nó é a ghnóthú nó a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra faoin aistriú a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

Dliteanais a aistriú.

2. (1) Aon fhiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear fiacha stoic agus fiacha morgáiste, agus dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite agus gan íoc nó tabhaithe agus gan ghlanadh ag Gaeltarra Éireann, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Údarás agus íocfaidh nó glanfaidh an tÚdarás é agus féadfar é a ghnóthú ón Údarás nó é a fheidhmiú in aghaidh an Údaráis dá réir sin.

(2) Ní chuirfidh an díscaoileadh a dhéantar le halt 7 ó bhail aon ordú íoca nó seic, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon ordú íoca nó seic, a bheidh eisithe ag Gaeltarra Éireann agus nach mbeidh tíolactha lena íoc roimh an lá ceaptha ná ní chuirfidh sé ó bhail aon údarás, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon údarás, a bheidh tugtha ag Gaeltarra Éireann le go n-íocfaí méid an ordaithe íoca nó an tseic, agus déanfaidh an tÚdarás socruithe le go n-íocfar méid gach ordaithe íoca nó seic den sórt sin ar é a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an lae cheaptha.

Conarthaí leanúnacha a choimeád ar marthain.

3. Aon bhanna, ráthaíocht nó urrús eile de ghné leanúnach a rinne nó a thug Gaeltarra Éireann do dhuine eile nó a rinne nó a thug aon duine do Ghaeltarra Éireann agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir Gaeltarra Éireann agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an lá ceaptha leanfaidh sé, d'ainneoin an díscaoileadh, de bheith i bhfeidhm tar éis an lae cheaptha ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Údaráis ann in ionad ainm Ghaeltarra Éireann agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin infheidhmithe dá réir sin ag an Údarás nó ina aghaidh.

Imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

4. In aon chaingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht eile a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha in aon chúirt nó binse agus ar pháirtí ann Gaeltarra Éireann, tiocfaidh an tÚdarás chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha, ina pháirtí in ionad Ghaeltarra Éireann agus leanfar de na himeachtaí sin idir an tÚdarás agus na páirtithe eile ann dá réir sin, agus ní rachaidh aon imeachtaí den sórt sin ar ceal ná ní scoirfear díobh ná ní dhéanfar dochar dóibh mar gheall ar an díscaoileadh.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972

An tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957

1957, Uimh. 29.

Na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1977

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23.

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1956, Uimh. 21.

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963

1963, Uimh. 24.

Na hAchtanna Luachála